Logo

Fáilte go suíomh Dungarvan Brewing Company

Dungarvan Brewing Company, an mion-ghrúdlann réigiúnach is nua sa tír

Grúdaímid ár mbeoir trí mhodhanna traidisiúnta a chinntíonn caighdeán ard an leanna. Éiríonn linn blas téagartha na beorach a bhaint amach tríd an leann a oiriúnú sna buidéil.

Grúdtar ó ghrán go leann í faoi stiúir chruinn aos ceirde Chormac Uí Dhuibhir agus Tom Dalton.

Beidh Helvick Gold, leann geal, Copper Coast, leann rua agus Black Rock, leann dubh le fáil i mbuidéil ar fud na tire i dtithe leanna de thogha dí.

Tá Dungarvan Brewing Company lonnaithe i nDún Garbhán i gContae Phort Láirge.

Cuirimid fáilte romhat do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge, cuir glaoch ar Jen san oifig ar 058-24000 nó ar 085-7111505, nó seol ríomhpost chuig jen@dungarvanbrewingcompany.com

<< Siar